Go Back

Leonard McKeown
Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta
Tá Leonard ina Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta ó 2020 i leith. Tá Leonard freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar roinnt ranna agus ar chuntais vótaí eile, lena n-áirítear an phunann Airgeadais, an phunann Gnóthaí Eachtracha agus punann Oifig na nOibreacha Poiblí. Is é Leonard Oifigeach Cibearshlándála na hOifige agus tá sé freagrach freisin as an bhFoireann Anailísíochta Sonraí, Iniúchóireachta TF agus Tionscadal TF.
Tá breis agus 30 bliain de thaithí ag Leonard ar iniúchóireacht agus ar bhainistíocht riosca agus tá sé ag obair ar leibhéal sinsearach i gcleachtas poiblí agus i dtionscal le 20 bliain anuas.
Tá Leonard ina chomhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann agus tá sé ina bhall den Chumann Iniúchóireachta agus Rialaithe Córas Faisnéise, agus é cáilithe mar iniúchóir córas faisnéise deimhnithe.





